Tá mise ag freastal ar Choláiste Mhuire. Tá an scoil seo suite ar Bhóthar Ráth Tó Cabrach Baile Átha Cliath7. Ba sa bhliain 1931 a chuir na Bráithre Críostaí, Coláiste Mhuire ar bun chun meánoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil. Tá Coláiste Mhuire anois faoi Iontoabhas Scoileanna Éamonn Rís. Cáil na hacadúlachta atá ag roinnt leis an scoil ón gcéad lá. Tá iarscoláirí aitheanta de chuid na scoile ar fáil sa saol gnó, sa pholaitíocht, sna meáin, sa saol acadúil, sa cheol, sa spórt agus sa státseirbhís. Ó athlonnaíodh an scoil go Bóthar Ráth Tó i mí Lúnasa 2003, tá tús curtha ag Coláiste Mhuire le ré nua ach leis an mbunchloch ionraic céanna agus leis an ard- chaighdeán céanna.